Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ocaidi-go-leor-do-cheiliuradh-sheachtain-naisiunta-na-hoidhreachta

Ócáidí go leor do cheiliúradh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Tá an fómhar tagtha, na héadaí scoile á réiteach agus deireadh ag teacht le saoire fhada an tsamhraidh. Is maith mar sin go bhfuil an ciste poiblí trí Oifig na nOibreacha Poiblí ag tabhairt deis do theaghlaigh agus don phobal uilig cuairt a thabhairt ar shuíomhanna oidhreachta na tíre saor is aisce an Satharn agus an Domhnach beag seo le tús a chur leis an tseachtain oidhreachta.

Chomh maith leis an mbreis is 70 suíomh atá ainmnithe ag an OPW, tá roinnt áiteanna stairiúla eile a ligfeas isteach saor in aisce thú má bhíonn ticéad agat a léiríonn gur thaistil tú ar an tseirbhís iompair Nasc Áitiúil, an chéad deireadh seachtaine de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

Seo do sheans má bhíonn tú sna bólaí sin cuairt a thabhairt ar láithreacha móra inár stair amhail Ionad Chath na Bóinne nó Cluain Mhic Nóis.

Is beag áit sa tír nach bhfuil raidhse imeachtaí eagraithe an tseachtain seo agus cuid mhór acu ar an suíomh oifigiúil.

Más í oidhreacht na farraige atá uait is dóigh gur i gCinn Mhara ag Féile na mBád is suaithinsí a fheicfeas tú na báid seoil a choinnigh beatha agus riachtanais an tsaoil le pobail an chósta san am a caitheadh.

Más é an focal beo atá uait, bí i Ros Muc in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar an 22 Lúnasa mar a mbeidh filí ag léamh a saothar.

In Inis Oírr seolfar an taispeántas ‘Toibreacha Beannaithe Árann’ in Áras Éanna, ar an Déardaoin 22 Lúnasa agus beidh sé le feiceáil faoin aer ansin go Samhain.

Thiar in Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna ar an 19 Lúnasa ón 2.00pm go dtí a 3.00pm, beidh an staraí an Dr Tomás Mac Conamara ag caint faoina chuardach ar thaifeadtaí den stair bhéil faoin teideal ‘Guthanna Stair Chonamara’.

I gCois Fharraige beidh ‘Cuisle an Chomhshaoil – Siúlóid dúlra & ceoil’ ar siúl ar an 21 Lúnasa óna 11.30am.

In Eaglais Naomh Nioclás i gcathair na Gaillimhe beidh éagsúlacht iontach imeachtaí ar siúl.

Beidh sé ina lascadh ansin ar an Satharn beag seo agus taispeaántas pionsóireachta agus éadach catha na meánaoise ar bun. Beidh cleasanna sorcais á dteagasc do na leanaí ina dhiaidh agus beidh turais threoraithe ann ar an eaglais stairiúil féin. Beidh deis agat amhrán sean-nóis nó bróidnéireacht nó cniotáil Árann a fhoghlaim.

Más i gCiarraí thú ón 19-21 Lúnasa beidh Músaem Chorca Dhuibhne ag taispeáint cartlann ar líne de ghrianghraif as an áit.

Más mian leat malairt cáile a chloisteáil ar Bhailte Ó Síoda bí sa gcarrchlór ansin ag 8.15pm, an 24 Lúnasa, le dul ag tóraíocht sciathán leathair [ialtóg] sa gcoill, mar deirtear go bhfuil an chrú-ialtóg bheag le fáil ansin agus tá sí gann go maith sa tír seo.

Beidh caint spéisiúil ag an Dr Conor Brosnan in Ionad an Bhlascaoid ar an 22 Lúnasa faoin teideal ‘From Rome to Ballyferriter – the Massacre at Dún an Óir 1580’ agus déarfainn gur iontach go eo an scéal é agus a gcrúb sáite ag go leor de mhórphearsana na linne san eachtra fhuilteach.

Más é Domhnall Ó Conaill agus a mhuintir do spéis bí i nDoire Fhíonáin an deireadh seachtaine seo do na turais threoraithe.

I Sligeach bean an-spéisiúil a bheidh faoi chaibidil ag an údar Anne Chambers ar an Domhnach, Lady Eleanor Butler, atá curtha i Mainistir Shligigh. Beidh ceol is siamsaíocht lena cuid cainte ó Cloister Boys na Mainistreach.

An Domhnach beag seo freisin ag Ionad Achadh Chéide i Maigh Eo beidh imeachtaí ar siúl don teaghlach ar fad agus deis ag leanaí is a muintir an stair a bhlaiseadh beo agus a ghabháil ar thóir an óir.

Tá Éigse Lughnasa ar siúl i gCaonach i gContae Longfoirt agus gach cineál ceoil is uirlisí á gceiliúradh sa gclár iontach atá curtha le chéile acu.

I mBaile Átha Cliath tá seó mór imeachtaí éagsúla ar siúl sa teach s’againn féin, Teach Farmleigh, idir cheardaíocht agus dúlra.

Beidh turais is taispeántais ar siúl chomh maith i bPríosún Chill Mhaighnéain, cuid acu dírithe ar leanaí.

Ar an 21 Lúnasa ag 11.30am i Leabharlann Chathair Chorcaí beidh ócáid iontach dóibh siúd ar gean leo Thin Lizzy, faoin teideal ‘The boys are back in Town – Phil Lynott’.

Thoir ó dheas sna Déise beidh siad ag cíoradh logainmneacha na háite sa Leabharlann i nDún Garbhán ar an 22 Lúnasa ag 6.30pm – ‘Cad As Duit? ‘Logainmneacha na nDéise/ Placenames of the Déise’.

Níl ansin ach blaiseadh beag bídeach de na céadta imeacht atá ar siúl lenár n-oidhreacht a cheiliúradh as seo go ceann seachtaine.

Níos mó