Tá titim 40% tagtha ar líon na ndaltaí ó thuaidh a roghnaíonn ‘GCSE Irish’ mar ábhar don scrúdú GCSE le scór bliain anuas.
As an 31,886 dalta ó thuaidh a gheobhaidh a gcuid torthaí GCSE ar maidin, beidh 1,572 dalta ag fáil torthaí don scrúdú GCSE Irish, 4.9% de líon iomlán na ndaltaí a thug faoin GCSE i mbliana.
Thug 2,630 dalta faoin scrúdú Gaeilge in 2004 – thart ar 10% de dhaltaí GCSE na bliana sin – rud a fhágann go bhfuil titim nach mór 40% le fiche bliain anuas ar líon na ndaltaí sa tuaisceart a roghnaigh an Ghaeilge mar ábhar don GCSE.
Tá dhá chúrsa Gaeilge ar fáil don GCSE ó thuaidh, GCSE Irish, scrúdú atá dírithe ar dhaltaí i scoileanna Béarla agus i nGaelcholáistí agus GCSE Gaeilge, scrúdú níos dúshlánaí atá dírithe ar dhaltaí an ghaeloideachais amháin.
Tá fás leanúnach tagtha le 20 bliain ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an scrúdú GCSE Gaeilge, an scrúdú is dúshlánaí. I mbliana thug 289 dalta faoi GCSE Gaeilge, nó 0.9% de dhaltaí GCSE an tuaiscirt. 85 duine a thug faoin scrúdú GCSE Gaeilge in 2004.
Líon na ndaltaí a roghnaíonn GSCE Irish
Foinse: Figiúirí CCEA
Cé go bhfuil an Ghaeilge ar an dara teanga is mó tóir don A-leibhéal, tá sí ar an tríú teanga is mó a roghnaíonn daltaí an tuaiscirt don GCSE, taobh thiar den Spáinnis agus den Fhraincis.
I mbliana roghnaigh 3,734 dalta, nó 11.7% de dhaltaí an Spáinnis don GCSE agus 2,798 dalta a thug faoin scrúdú Fraincise, nó 8.8% de dhaltaí.
4.9% de dhaltaí a roghnaigh an Ghaeilge.
In 2008, tháinig deireadh leis an riachtanas a bhí ann staidéar a dhéanamh ar theanga eile seachas an Béarla don GCSE ó thuaidh. Tháinig an t-athrú isteach sa Bhreatain ar dtús agus ghlac an Feidhmeannas in Stormont leis ina dhiaidh sin.
Deir Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, go bhfuil toradh “tubaisteach” an chinnidh sin le feiceáil sa titim mhór atá tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge agus teangacha eile don GCSE.
“Cé gur chóir fáilte a chur roimh an ardú beag atá ar líon na ndaltaí a rinne “Irish” don GCSE i mbliana i gcomparáid le 2023, tá titim de bhreis agus 40% ar líon na ndaltaí sin ó 2007, tráth a bhfuarthas réidh leis an bhunriachtanas d’achan dalta scoile teanga amháin, ar a laghad, a dhéanamh don GCSE.
“Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos lú daltaí ag roghnú ‘Irish’ agus mar thoradh air sin tá níos lú scoileanna ag ofráil Gaeilge mar ábhar GCSE agus A-Leibhéil trí chéile”.
Tá éileamh á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge go dtabharfaí ar ais an riachtanas a bhí ann i dtaobh teanga a roghnú don GCSE le dul i ngleic leis an “ghéarchéim” a bhaineann le foghlaim teangacha sa tuaisceart.
“Tá muid anois ag éileamh ar an Fheidhmeannas an riachtanas teanga do TCM a thabhairt ar ais. Thacaigh neart páirtithe (Sinn Féin, SDLP, Alliance, PBP) agus tromlach na gcomhaltaí sa Tionól leis an éileamh sin roimh an toghchán in 2022.
“Creideann muid go ndéanfadh an t-athrú polasaí sin difear suntasach sa líon daltaí a roghnódh an Ghaeilge (Irish) amach anseo agus ba cheart go mbeadh sé seo aitheanta mar sprioc mhór de chuid na Straitéise 20 Bliain ó thuaidh atá le foilsiú gan mhoill,” a dúirt sé.