Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
beagnach-duine-as-gach-ceathrar-daltai-ardteiste-nach-mbeidh-ag-fail-aon-toradh-gaeilge-inniu

Beagnach duine as gach ceathrar daltaí Ardteiste nach mbeidh ag fáil aon toradh Gaeilge inniu

Ní bhfuair 23% de na daltaí a fuair a dtorthaí Ardteiste i mbliana aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge, an céatadán daltaí is airde riamh nach bhfuair toradh don Ghaeilge.

Seo an tríú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20%.

60,839 dalta atá ag fáil a gcuid torthaí Ardteiste inniu, ach ní raibh 13,695 díobhsan cláraithe do scrúdú Gaeilge.

Ardú ón mbliain seo caite a bhí ansin nuair nach raibh 20% de na daltaí cláraithe do scrúdú Gaeilge.

55,976 dalta a fuair toradh sa Bhéarla i mbliana, nó 92% de dhaltaí. An céatadán céanna, 92%, a fuair toradh don Mhatamaitic, nó 56,024.

8,562 níos mó daltaí a fuair toradh Béarla i mbliana ná mar a fuair toradh Gaeilge agus 8,610 níos mó daltaí a fuair toradh don Mhatamaitic ná mar a fuair toradh don Ghaeilge.

De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach in 2021 a mhaígh siad a chinnteodh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta, ach tá ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ó shin.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine faighte acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

Céatadán na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don Ardteist
2011 19%
2012 19%
2013 18%
2014 17%
2015 16%
2016 16%
2017 15%
2018 15%
2019 18%
2020 18%
2021 18%
2022 22%
2023 20%
2024 23%

I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go socraíonn daltaí nach mbeidh Gaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste.

Ina measc siúd, bíonn daltaí a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear.

Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste den dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á déanamh acu.

De réir thorthaí na hArdteiste, a foilsíodh inniu,  d’éirigh le 14.1% de dhaltaí an marc is airde a fháil i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na bliana 2024, nó thart ar dhuine as gach seachtar a thug faoin scrúdú sin.

6.9% de dhaltaí a fuair grád H1 sa Bhéarla agus 12.6% a fuair an grád sin sa Mhatamaitic.

6.1% a fuair grád H1 sa Ghaeilge in 2019, an bhliain roimh thús na paindéime. Bhíodh sé níos éasca an marc is airde a fháil sa Ghaeilge ná mar a bhí sa Bhéarla ná sa Mhatamaitic an uair sin chomh maith. Cúig bliana ó shin 3% a fuair an marc is airde sa Bhéarla agus 6.4% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.

D’éirigh le breis is 34% díobh siúd a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana H1 nó H2 a fháil (marc 80% nó níos airde). 24% de dhaltaí a fuair an dá ghrád is airde sa Bhéarla agus 28% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.

Fuair 61% de dhaltaí a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge H1, H2 nó H3 (70% nó níos mó sa scrúdú). 54% de dhaltaí a fuair na trí ghrád is airde sa Bhéarla agus 28% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.

Den 23,649 dalta a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge mí an Mheithimh seo caite, d’éirigh le 18,966, nó 80% acu grád H4 nó níos airde a bhaint amach. Grád H4 (marc 60% nó níos mó) a theastaíonn sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge le cáiliú chun céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.

De réir na bhfigiúirí ceathrar as gach cúigear a rinne an scrúdú ardleibhéil a shásódh an riachtanas Gaeilge do chéim sa bhunmhúinteoireacht.

In 2019, 69.1% de dhaltaí a fuair H4 nó níos airde sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge, rud a chiallaíonn go bhfuil ardú 16% tagtha le cúig bliana anuas ar líon na ndaltaí a bhíonn incháilithe sa Ghaeilge do chúrsa bunmhúinteoireachta.

Díreach 0.2% de dhaltaí a fuair níos lú ná 30% sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana, méadú ar ráta teipthe na bliana seo caite, 0.1%.

Beidh 60, 839 duine ag fáil torthaí na hArdteiste inniu.

Rinne an Coimisiún um Scrúduithe Stáit coigeartú i ndiaidh na marcála ar thorthaí na scrúduithe chun a chinntiú go mbeadh na gráid i gcomhréir le gráid na bliana seo caite, nós a thosaigh de barr na paindéime.

Mar sin bhí  ‘boilsciú grád’ d’aon ghnó 7.5% i gceist le torthaí na bliana seo.

Beidh an chéad bhabhta tairiscintí ón CAO á fhógairt ón 2pm Dé Céadaoin, an 28 Lúnasa.

Dúirt an Coimisiún gur chóir do na daoine óga atá ag súil lena dtorthaí inniu clárú ar Thairseach Féinseirbhíse an Iarrthóra ag www.examinations.ie.

Daltaí ar mian leo iarratas a dhéanamh a scripteanna a fheiceáil, caithfidh siad dul go dtí an Tairseach idir 10am Dé Domhnaigh, an 1 Meán Fómhair agus 5pm Dé Luain, an 2 Meán Fómhair.

Beidh torthaí na n-achomharc ar fáil ar an 27 Meán Fómhair.

Tá leabhrán eolais faoi na torthaí agus an próiseas achomhairc ar fáil ar líne.

Torthaí Gaeilge na hArdteiste, H1 – H8

GAEILGE (Ardleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2024 23649 14.1 19.9 23.7 22.5 14.2 4.6 0.9 0.2
2023 23899 15.4 21.9 23.8 21.2 12.9 4.1 0.7 0.1
2022 24441 12.7 21.0 23.8 21.9 14.4 5.2 0.9 0.2
2021 25596 11.9 21.9 27.5 22.7 11.2 3.4 0.6 0.8
2020 24725 9.1 19.8 27.1 24.6 13.7 4.8 0.7 0.2
2019 23176 6.1 17.7 22.3 23.0 18.2 9.5 2.8 0.4
GAEILGE (Bonnleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2024 2081 3.8 11 22.2 26.2 19.8 10.7 5.2 1.1
2023 2408 4.2 12.7 21.1 24.0 19.0 11.7 5.8 1.5
2022 1933 3.4 13.0 22.6 24.9 17.0 11.9 5.5 1.7
2021 1074 8.8 16.5 22.5 20.9 14.4 11.6 1.7 3.4
2020 1462 5.9 17.6 25.5 23.1 16.0 10.4 0.4 1.0
2019 2834 1.9 11.8 19.9 24.5 20.9 12.0 6.2 2.9
GAEILGE (Gnáthleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2024 21414 1.5 9.7 22.4 25.8 20.1 12.1 6 2.5
2023 22852 2.3 13.5 24.6 25.4 18.3 9.7 4.3 1.8
2022 23520 1.0 10.6 26.3 28.9 19.3 8.7 3.4 1.9
2021 23301 3.0 11.0 22.1 26.3 21.1 12.3 2.6 1.6
2020 23546 1.9 8.9 19.6 26.3 23.2 15.3 3.4 1.4
2019 22323 0.3 5.2 18.6 26.2 25.0 15.7 6.3 2.7

Níos mó