Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
aire-ag-suil-go-n-athrofar-coras-aonteangach-bearla-mhorstaisiun-nua-bheal-feirste

Aire ag súil go n-athrófar córas aonteangach Béarla Mhórstáisiún nua Bhéal Feirste

| tuairisc | ,

Deir aire infreastruchtúir Stormont go bhfuil dóchas aige go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil amach anseo i Mórstáisiún Láir nua Bhéal Feirste.

Ag labhair dó ag oscailt oifigiúil an lárionaid iompair inniu, dúirt an tAire John O’Dowd gur údar díomá é gur Weavers Cross amháin atá á thabhairt ar an bhforbairt nua agus nach bhfuil an chomharthaíocht ansin dátheangach.

Dúirt O’Dowd, go raibh dóchas aige, áfach, go dtiocfaí ar réiteach maidir le ceist na Gaeilge sa mhórstáisiún nua a chosain €403 milliún.

In ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa mhórstáisiún nua, cinneadh cur chuige aonteangach a chur i gcrích.

Dúirt lucht feachtais gurb amhlaidh go raibh pobal na Gaeilge “á bhrú go dtí cúl an bhus” sa chathair.

Dúirt O’Dowd go raibh sé i mbun cainteanna le Translink faoin scéal.

“Tá díomá orm nár éirigh linn teacht ar réiteach faoi sin go fóill,” arsa an t-aire de chuid Shinn Féin.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil. Tá borradh faoi phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus tá sé tábhachtach go bhfeicfí an teanga. Táim ag obair le Translink air sin agus táim muiníneach go dtiocfaimid ar réiteach. Mar aire, caithfidh mé leas a bhaint as na cumhachtaí atá agam ar bhealach stuama. Bíonn sé i bhfad níos éifeachtaí comhoibriú le daoine.

“Tá príomhfheidhmeannach agus bord a bhfuil an cúram orthu Translink a rith agus tá mé ag obair leo sin i dtaca leis an ábhar seo.”

Tá an stáisiún, tairseach nua Bhéal Feirste, á oscailt céim ar chéim agus níos déanaí a chuirfear tús leis na seirbhísí traenach ann.

Dúirt O’Dowd gur údar mórtais do Bhéal Feirste a bhí in oscailt an stáisiúin nua. Dúirt sé, áfach, go gcaithfí cur le seirbhísí iompair ar fud an Tuaiscirt, go háirithe i nDoire.

Dúirt sé go raibh staidéar á dhéanamh ar sheirbhís traenach a cheanglódh Doire le hAerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feiste agus le Baile Átha Cliath agus Corcaigh.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur córas Béarla amháin a bheadh sa lárionad taistil nua i mBéal Feirste.

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí Aibreáin le rún ag éileamh comharthaíocht Ghaeilge ag an mhol iompair nua ‘Weavers Cross’ nó ‘Cros na bhFíodóirí’ i lár na cathrach.

Éilíodh sa rún a ritheadh sa Chomhairle chomh maith go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil sa stáisiún agus sa cheantar timpeall air.

Mhol an Chomhairle do Translink, atá i mbun na forbartha, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún bus agus traenach nua atá tógtha ar shuíomh stáisiún Europa.

Bhunaigh an Dream Dearg feachtas ag iarraidh go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil ag suíomh an lárionaid taistil nua.

Dúirt Padaí Ó Tiarnaigh, urlabhraí ó An Dream Dearg, go raibh díomá mhór orthu faoi chinneadh Translink córas aonteangach Béarla a chur i gcrích sa lárionad nua “atá lonnaithe ar imeall na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste, ag Cros na bhFíodóirí”.

Níos mó