Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
trump-craite-ag-saighdeadh-harris-agus-ag-cait-is-madrai-springfield-ohio

Trump cráite ag saighdeadh Harris agus ag cait is madraí Springfield Ohio

Bhí Donald Trump imithe le báiní sula raibh ar mhodhnóir na díospóireachta a rá leis nach raibh aon fhianaise ann go mbíonn imircigh as Háítí ag ithe cat agus gadhar daoine in Springfield Ohio.

Bhí soiléiriú faighte ó údaráis Springfield, a dúirt David Muir.

“I saw people on television say it,” arsa Trump.

Más é an cuspóir a bhí ag Kamala Harris ná Trump a phriocadh nó go gcaillfeadh sé guaim air féin d’éirigh go seoigh léi i ndíospóireacht uachtaránachta na hoíche aréir in Philadelphia.

Seift ghlic a bhí ag Harris – freagraí pointeáilte ábhartha a thabhairt ar na ceisteanna agus ansin sáiteán a thabhairt d’iarrthóir na bPoblachtánach.

Léirigh Trump féinsmacht áirithe sa chéad chuid den díospóireacht ach ní raibh sé i bhfad ag dul sa líon.

Agus ceist na hinimirce á plé aici – ceist a meastar í a bheith lag go maith ina taobh – fuaireamar éachtaint iontach ar chur chuige Harris.

Mar thús rinne Harris cosaint ar pholasaí na nDaonlathach agus chuir sí i leith Trump gur chuir sé go tóin poill bille a raibh sé mar aidhm aige cur le líon na n-oibrithe slándála ar an teorainn. B’fhearr le Trump leas toghchánaíochta a bhaint as fadhb ná í a réiteach, ar sí.

Ansin scaoil sí saighead le Trump a bhuail é san áit is mó a ghoillfeadh sé air, a ego millteach.

“Táim chun cuireadh a thabhairt duit dul go dtí ceann de shlógaí Donald Trump mar is rud an-spéisiúil atá ann. Ag a gcuid slógaí, bíonn sé ag caint faoi charachtair ón bhficsean amhail Hannibal Lecter, faoi mhuilte gaoithe a thabharfaidh ailse duit – agus tabharfaidh tú faoi ndeara chomh maith fiú go mbíonn daoine ag fágáil a chuid slógaí luath agus iad traochta agus leadrán orthu,” a dúirt sí.

“Lig dom labhairt faoi na slógaí i dtosach…” arsa Donald Trump. Gan dabht is aige a bhí na slógaí is fearr agus na slógaí is mó riamh – “the most incredible rallies in the history of politics” – agus bíonn ar Harris daoine a dhíol chun go dtiocfaidís go dtí a cuid slógaí.

Is ar éigean gur tháinig sé chuige féin i gceart ina dhiaidh sin agus nuair a thosaigh sé ag caint ar deireadh faoi chúrsaí inimirce b’iad na daoine a bhíonn ag goid agus ag ithe peataí in Springfield a bhí ag dó na geirbe aige.

Cé go raibh sí ábhairín neirbhíseach ag fíorthús an phlé, ar an iomlán bhí smacht ag Harris ar chúrsaí ón uair a shiúladar beirt ar stáitse.

Dúradh roimh ré go dtabharfadh an díospóireacht seans di í féin a chur in aithne do bhreis daoine ach thapaigh sí an deis ar dtús í féin a chur in aithne dá céilí comhraic.

Shiúil sí sall go dtí Trump, a chuaigh díreach go dtí a phóidiam, agus chroith sí lámh leis.

‘Kamala Harris,” ar sí.

Tús láidir agus ceacht beag foghraíochta leis don bhfear a mbíonn deacracht aige a hainm a rá i gceart. Níor chuaigh sé sa seans le linn na díospóireachta féin ach oiread. ‘She’ nó ‘her’ nó ‘this one’ a thug sé ar an leasuachtarán.

Cúrsaí eacnamaíochta a pléadh i dtosach. Mháigh Harris go dtabharfadh Trump isteach ciorruithe cánach do bhiliúnaithe agus d’ollchomhlachtaí.

Tubaiste a bhí sa gheilleagar faoi Joe Biden agus Kamala Harris, a dúirt Trump, ach níorbh fhada go raibh sé imithe ar seachrán ón ábhar agus ag rámhaillí faoi imircigh contúirteacha a d’fhág teach na ngealt ina dtíortha féin chun seilbh a ghlacadh ar bhailte Mheiriceá.

“Cloisfidh tú bréaga, gearán agus glaoch ainmneacha go leor anocht,” arsa Kamala Harris. B’fhéidir gur aréir a casadh Trump uirthi den chéad uair ach bhí léite go maith aici air.

An plé faoi cheist an ghinmhillte an chuid ba laige ar fad den díospóireacht ag Trump. Sheachain sé an cheist a cuireadh air agus thosaigh sé ag scaothaireacht faoi leanaí nuabheirthe a bheith á chur chun báis agus faoi iasachtaí do mhic léinn. Ba mhór idir é agus an freagra daonna tomhaiste a thug Kamala Harris.

Ní raibh aon leisce ar Harris féin dul ar an ionsaí, ach d’fhan sí socair stuama agus déarfá go raibh aidhm chinnte le gach achasán a chaith sí le Trump. Dhein sí ceap magaidh mar shampla den tuairim atá aige gur ‘fear láidir’ é.

Dúirt sí go n-íosfadh Putin beo beathach é, go mbíonn ceannairí móra an domhain ag gáirí faoi agus go gceapann siad gur mór an náire é. Bhí Trump anois ag borradh agus ag at mar a bheadh cat i mála in Springfield Ohio.

An t-aon chosaint a d’fhéadfadh sé cuimhneamh air ag pointe amháin ná go raibh ardmheas ag Victor Orbán na hUngáire air.

Chuir Harris trí chéile é arís agus arís eile faoi ábhair éagsúla– na cúiseanna go léir atá curtha ina leith sa chúirt, an t-ionsaí a dhein a lucht tacaíochta ar an gCaipeatól in Washington D.C., an cion atá aige ar dheachtóirí agus a dhearcadh ciníoch.

Ba dheacair uaireanta aon chiall in aon chor a bhaint as a chuid cainte agus é féin ag cur le cás an ionchúisitheora.

“She want’s to do transgender operations on illegal immigrants in prisons,” a dúirt sé ag staid amháin.

Seans, áfach, gurb é ráiteas Harris faoi dhiúltú Trump glacadh le toradh daonlathach thoghchán 2020 ba mhó a ghoill air. “Donald Trump was fired by 81 million people and he is having a very difficult time processing that,” a dúirt sí. “Our elections are bad,” arsa Trump sa chuid is soiléire dá fhreagra scaipthe.

Uaireanta ní bhíonn le déanamh ach a sháith de scód a thabhairt dó.

Nuair a cuireadh ceist air an raibh plean aige le cur in áit Obamacare, dúirt sé, ‘I have concepts of a plan’.

Is léir go mbraitheann Trump uaidh Joe Biden agus b’éigean do Harris a chur i gcuimhne dó gur ag seasamh ina haghaidh a bhí sé seachas Biden.

Faoin tráth seo tá a fhios ag madraí an bhaile in Springfield Ohio gur borrach méise agus bréagadóir é Trump atá patuar faoin daonlathas agus a cheapann nach bhfuil ar thalamh an domhain ach é féin.

Ach tá tacaíocht gan cheist leath na vótóirí ag an iar-uachtarán agus is cosúil go mbeidh sin i gcónaí aige, fiú agus a beannacht tugtha ag Taylor Swift do Kamala Harris cúpla nóiméad i ndiaidh na díospóireachta.

Mar sin féin, mura bhfaigheann an leasuachtarán preab éigin sna pobalbhreitheanna as an oíche aréir, d’fhéadfadh go mbeidh thiar uirthi mí na Samhna.

Níos mó