Tá an folúntas don phost mar Ard-Stiúrthóir TG4 fógartha agus ceannaire nua le ceapadh ar an stáisiún Gaeilge.
Dheimhnigh an tArd-Stiúrthóir reatha, Alan Esslemont, do Tuairisc an tseachtain seo go bhfuil sé le héirí as an bpost in Aibreán na bliana seo chugainn, tráth a mbeidh seacht mbliana go leith caite aige sa bpost.
Bhí Esslemont, a ceapadh mí Dheireadh Fómhair 2016, le héirí as an mhí seo chugainn ach fógraíodh anuraidh gur cuireadh síneadh lena chonradh go dtí Aibreán 2025.
Tá an próiseas earcaíochta don cheathrú ceannasaí ar TG4 ó bunaíodh an stáisiúin tosaithe agus an folúntas fógartha.
Tuarastal idir €150,000 agus €170,000 sa mbliain atá luaite leis an ról agus conradh seacht mbliana a bhronnfar ar an iarrthóir rathúil.
Deirtear go mbeidh an tArd-Stiúrthóir, a bheidh lonnaithe i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i nGaillimh, freagrach as gach gné d’obair an stáisiúin – cúrsaí airgeadais, ábhar, sceidealú clár, gnóthaí tráchtála, an teicneolaíocht, gnóthaí corparáideacha agus acmhainní daonna.
Beidh an tArd-Stiúrthóir freagrach freisin as gach gné de pholasaithe agus de straitéis na seirbhíse a mhaoirsiú agus a chur i bhfeidhm.
Beidh an tArd-Stiúrthóir nua ag teacht i gceannas tráth a mbeidh TG4 ag iarraidh seirbhís nuachta a bhunú a bheidh neamhspleách ó RTÉ. Is é mian TG4 go mbeadh neamhspleáchas bainte amach dá seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha faoi Mheán Fómhair 2025 ach tá aighneas idir an craoltóir agus RTÉ le tamall faoin bplean a bhfuil glactha ag an Rialtas leis.
An bhliain seo chugainn freisin a thabharfar faoi fhormhór na hoibre don athbhreithniú ar an soláthar Gaeilge sna meáin atá beartaithe ag Coimisiún na Meán.
Más ó fhoireann bainistíochta TG4 a earcófar an tArd-Stiúrthóir nua, meastar gurb é Trevor Ó Clochartaigh, Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna an chraoltóra, is mó a mbeadh seans aige. Bhí Ó Clochartaigh ina Bhainisteoir Cumarsáide le TG4 roimhe sin, chaith sé seal ina Sheanadóir de chuid Shinn Féin agus bhí poist eile aige in earnáil na teilifíse agus na meán chomh maith.
Meastar go mbeadh seans maith ag Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4, ar an bpríomhphost chomh maith dá mbeadh suim aici ann. Tá Ní Dhálaigh ag obair le TG4 ó bunaíodh é i 1996 agus réimse leathan taithí aici ar obair an stáisiúin.
Ar na daoine lasmuigh de TG4 atá á lua leis an bpost, tá Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, agus Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail agus Teanga an Údaráis, Rónán Mac Con Iomaire, beirt a bhíodh ag obair do Nuacht TG4 tráth.
Chaith Ó Síocháin 14 bliain ina eagarthóir agus iriseoir le TG4 agus RTÉ sula ndeachaigh sé ag obair le hOllscoil na Gaillimhe agus le Coimisiún Forbartha an Iarthair, an WDC. Is i bhfómhar na bliana 2022 a ceapadh é ina Phríomhfheidhmeananch ar Údarás na Gaeltachta.
Tá an-taithí freisin ag Rónán Mac Con Iomaire, iar-iriseoir le Nuacht TG4, iar-leascheannaire ar RTÉ RnaG agus iarGhrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ atá ag obair leis an Údarás ó 2018.
Duine eile a mbeadh seans aici ar an bpost ná Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Siobhán Ní Ghadhra. Tá taithí mhór ag Ní Ghadhra ar earnáil na teilifíse ague í ina Príomhfheidhmeannach ar Danú Media, an comhlacht léiriúcháin a bhunaigh sí in 2015.
Tá Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta; Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ; Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craolta na Gaeilge ag NI Screen, Áine Ní Chaoindealbháin, Leas-stiúrthóir Bainistíochta Virgin Media, agus Dualta Ó Broin, Ceann Beartas Poiblí ag Meta in Éirinn, a bhíodh ag obair sa Roinn Cumarsáide agus in Oifig an Choimisinéara Teanga, i measc na ndaoine eile atá á lua mar chomharba ar Alan Esslemont.
Tá buiséad bliantúil thart ar €60 milliún ag TG4 agus breis is 100 duine ag obair ann.
Tá go dtí Dé hAoine 27 Meán Fómhair ag iarrthóirí le cur isteach ar an bhfolúntas d’Ard-Stiúrthóir TG4.