Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
fear-gunna-gafa-agus-a-fhiosru-i-ndiaidh-iarracht-donald-trump-a-fheallmharu

Fear gunna gafa agus á fhiosrú i ndiaidh iarracht Donald Trump a fheallmharú

| Tuairisc.ie | ,

De réir tuairiscí, Ryan Wesley Routh is ainm don té a gabhadh agus a bhfuil amhras faoi go raibh baint aige leis an eachtra inar scaoileadh le Donald Trump agus é ag imirt gailf

Fear gunna gafa agus á fhiosrú i ndiaidh iarracht Donald Trump a fheallmharú

Tá na póilíní i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag fiosrú cúlra fhear gunna a gabhadh in Florida i ndiaidh eachtra inar deineadh iarracht Donald Trump a fheallmharú.

De réir tuairiscí sna meáin i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ryan Wesley Routh is ainm don té a gabhadh agus a bhfuil amhras faoi go raibh baint aige leis an eachtra inar scaoileadh le Donald Trump agus é ag imirt gailf.

Seo an dara huair le dhá mhí ar éirigh le Trump teacht slán ó eachtra lámhaigh.

Tuairiscítear gur chuir Ryan Wesley Routh postálacha amach ar na meáin shóisialta ag éileamh ar dhaoine dul ag troid in aghaidh na Rúise san Úcráin.

De réir CNN, dúirt oifigeach de chuid na hÚcráine gurb é an cur síos is fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an dteagmháil a bhí ag Ryan Wesley Routh leo ná go raibh “seachrán” air.

De réir tuairiscí bhí taifead coiriúlachta aige agus ciontaíodh é as roinnt coireanna, ina measc arm folaithe a bheith ina sheilbh.

Dúirt polaiteoirí ar gach taobh gur údar faoisimh mór a bhí ann nár gortaíodh an t-iar-uachtarán san eachtra.

Dúirt Kamala Harris, Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus iarrthóir toghcháin na nDaonlathach: “Tá mé sásta go bhfuil sé slán. Níl aon áit don fhoréigean i Meiriceá.”

Dúirt JD Vance, leathbhádóir Trump sa toghchán, gur labhair sé leis an iar-uachtarán in ndiaidh na heachtra. Bhí Trump in “ardghiúmar” a rud a chuirfeadh iontas ort, a dúirt Vance.

Tuairiscíodh aréir go raibh Donald Trump slán sábháilte i ndiaidh don tSeirbhís Rúnda stop a chur le hiarracht é a fheallmharú agus é ag imirt gailf ar  a chúrsa in West Palm Beach in Florida.

Scaoil gníomhairí de chuid na Seirbhíse Rúnda le fear gunna a bhí sna sceacha ar an gcúrsa gailf.

Theith an fear gunna ón láthair i bhfeithicil agus d’fhág sé ina dhiaidh raidhfil ionsaithe ar chuma an AK-47 agus málaí droma.

Ghabh Trump buíochas leis an tSeirbhís Rúnda agus na póilíní as é a choimeád slán.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine as bhur n-imní a léiriú agus as bhur mbeannachtaí. Is cinnte gur lá spéisiúil a bhí ann!” arsa Trump.

Dhá mhí ó shin, bhain mionghortú do chluas dheas Trump nuair a scaoileadh leis ag slógadh toghchánaíocht in Pennsylvania.

Agus gan ach seacht seachtaine fágtha go dtí lá na vótála, tá aird tarraingthe ag an dá eachtra ar an dúshlán a bhaineann le hiarrthóirí toghcháin a choimeád slán.

Níos mó