Imeachtaí Ardú Feasachta
Bíonn imeachtaí ardú feasachta á reáchtáil i rith na mbliana ag Conradh na Gaeilge agus ag craobhacha áitiúla thart timpeall na tíre. Is féidir do chraobh áitiúil a aimsiú anseo. Seo thíos roinnt imeachtaí ardú feasachta a bhíonn á n-eagrú go rialta ag foireann Chonradh na Gaeilge.
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Bíonn an fhéile ar siúl ón 1 – 17 Márta gach bliain. Tá tuilleadh eolais maidir leis an bhféile ar fáil ar www.snag.ie.
Bíonn Comhrá ar siúl uair in aghaidh na bliana. Comhrá leanúnach as Gaeilge ar feadh seachtaine a bhíonn i gceist agus bíonn sé ar fad le feiceáil ar líne. Glacann grúpaí éagsúla ar fud an domhain páirt sa gcomhrá beo seo a tharla don chéad uair i 2013 i mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Is féidir tuilleadh a eolais a fháil tríd ríomhphost a sheoladh chuig comhra@cnag.ie nó glaoch a chur ar 01 4757401.
Tá clú agus cáil bainte amach ag an Seó Bóthair mar chuid thábhachtach den fhéilire scoile. Beimid ar an mbóthar gach seachtain ag spreagadh daltaí i scoileanna fud fad na tíre. Beidh deis ag na daltaí foghlaim faoi thábhacht na Gaeilge i 1916 agus faoin mborradh atá tágtha ar an teanga ó shin. Táimid an-bhuíoch den Roinn Oideachais & Scileanna as a gcuid tacaíochta le Seó Bóthair 2016 a eagrú. Is féidir clárú agus tuilleadh eolais a aimsiú anseo.
Dúshlán atá i nGaeilge 24 a chuireann dualgas orthu siúd atá ag
glacadh páirte gan ach Gaeilge a labhairt ar feadh lá iomlán. Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh an Ghaeilge a úsáid ar feadh 24 uair a’ chloig; ar scoil, sa bhaile, le cairde, i siopaí, le clubanna spóirt agus eile! Is féidir clárú nó tuilleadh eolais a aimsiú anseo.