7 mbealach le níos lú plaistigh a úsáid
Stór Fócal: Do-bhithmhillte – Biodegradable, Aonúsáide – Single-use, Frithbhaictéarach – Antibacterial, In-athúsáidte – Resusable, Caoineog – Smoothie, Sceanra – Cutlery, Neamhthocsaineach – Non-toxic, Inúsáidte – Usable, Lobh – Decompose.
Déan iarracht nósanna cosúil leis na cinn thíos a leanúint agus a spreagadh sa bhaile, i d’ionad oibre agus i measc do chairde. Déanaimis difear le cheile chun níos mó aire a thabhairt dár bpláinéad.
1. Bíonn drochthionchar ag guma coganta ar an timpealleacht tríd is tríd. Is táirge rubair shintéiseach é atá do-bhithmhillte.
Déan gach iarracht é a sheachtaint más féidir leat agus roghnaigh paicéad miontaí nuair atá tú sa siopa.
2. Bain úsáid lasáin nó cipíní solais in ionad lasatóirí plaisteacha. Is tárigí in-bhithmhillte iad lasáin a dhéantar as adhmad ach i gcás na lastóirí níl iontu ach plaisteach agus miotal.
Más maith leat gearradh síos ar an méid plaistigh a mbaineann tú úsáid as bí cinnte lasáin a chur i do chiseán siopadóireachta.
3. Déan súnna úire nó caoineoga in ionad iad a cheannach i mbuidéil phlaisteacha sna siopaí. Beidh tionchar dearfach aige seo ar do chuid sláinte agus ar an domhan mórthimpeall orainn chomh maith.
Bí cinnte go gceannaíonn tú torthaí agus glasraí scaoilte freisin ar mhaithe leis an bpacáistíocht phlaisteach sin a sheachaint.
4. Déan earraí glantacháin as ábhair fhrithbhaictéaracha nádúrtha ar nós líomóide, fínéagair nó ola an chrainn tae. Bíonn na posóidí seo neamhthocsaineach agus saor ó cheimiceáin chrua.
Déanfaidh tú an dá thrá a fhreastal agus úsáid an phlaistigh a sheachaint chomh maith. Bain úsáid as éadach nó tuáille páipéir in ionad ceirtíní agus tú i mbun glantacháin – déanann siad dochar millteanach don timpeallacht toisc nach lobhann siad.
5. Tá borradh ollmhór tagtha ar úsáid na gcúpan in-athúsáidte le tamall anuas agus ba chóir duitse a bheith i measc na ndaoine sin a bhíonn á n-úsáid.
Tá rogha iontach leathan ann anois idir mhór agus bheag, idir ildhaite agus thrédhearcach. Ciallaíonn seo go mbeidh tú in ann cupán a aimsiú atá in oiriúnt do do chuid faisin nó stíle fhéin.
6. Tá aithne súile againn uilig ar na málaí móra sin lán le rásúir aon uaire. Málaí iad seo atá lán le plaisteach atá inseachanta go furasta.
Is féidir rásúr in-athúsáidte a cheannach ar chostas réasúnta na laethanta seo (cosúil leis an gceann san íomhá thuas) agus an lann a athrú gach cúpla seachtain nuair a éiríonn sí maol. Déanfaidh an chéim seo an-difear go deo ó thaobh úsáid plaistigh de.
7. Tá roinnt mhaith tithe tábhairne ag dul i bhfeabhas maidir leis na soip a chuireann siad ar fáil dá gcustaiméirí. Is féidir teacht ar shop páipéir i go leor áiteanna na laethanta seo agus táthar le moladh as an ngníomh dea-rúin seo.
Ach faraor bíonn soip phlaisteacha fós i bhformhór na dtithe tábhairne sa tír. Molann muid sop miotal nó bambú a cheannach ar mhaithe le soip aonúsáide a sheachaint. Is fiúntach an cleachtas é sop in-athúsáidte a fháil chun an plaisteach aon uaire sin a sheachaint.
Is ionann an cás do sceanra chomh maith – má tá scian agus forc miotal ar fáil b’fhiú duit iadsan a úsáid in ionad na gceann plaisteach.
Ábhar machnaimh
Ná déan dearmad gur rogha treoracha iad seo faoi conas céimeanna a ghlacadh ar mhaithe le pláinéad s’againne a shlánú.
Bí ceisteach faoi céard atá uait sula gceannaíonn tú rud éigin. Bí airdeallach faoin tionchar a imríonn margaíocht agus fógraíocht ort agus tú i mbun siopadóireachta. Bí airdeallach faoi chomhlachtaí a bhíonn ag úsáid breoslaí iontaise chun tairgí a dhéanamh nó comhlachtaí nach nglacann seasamh ar chúrsaí athrú aeráide. Déan do chuid taighde féin faoi conas is féidir leatsa páirt a ghlacadh san fheachtas tábhachtach idirnáisiúnta seo.