Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Is cuma más mac léinn thú ag tosú amach sa saol gairmiúil nó má tá an-taithí agat air, tugann an AE deis d’aon duine a bheith ag obair leo. Féach anseo ar na folúntais reatha atá ag an Aontas Eorpach.
Osclaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh gairmréim idirnáisiúnta do dhaoine uaillmhianacha, éirimiúla. Beidh tú lonnaithe i gceartlár na hEorpa agus bainfidh tú sult as an timpeallacht idirnáisiúnta agus as freagrachtaí a ghlacadh ón gcéad lá sa phost. Déanann an AE freastal ar 500 milliún duine i 28 Ballstát, rud a thabharfaidh réimse an-leathan agus ar scála an-mhór duit mar rogha – agus beidh deis agat difríocht shuntasach bhuan a dhéanamh.
Más mac léinn thú atá ar tí críochnú nó más céimí thú, tig leat iarratas a dhéanamh ar phost ar an leibhéal iontrála san AE i réimsí éagsúla; Déanann an AE céimithe a bhfuil taithí oibre acu, pearsanra riaracháin agus gairmithe oilte a earcú go rialta i réimse leathan speisialtachtaí, agus aistritheoirí agus ateangairí freisin.
Tá scileanna láidre anailíseacha, eagraíochtúla, agus cúmarsáide de dhíth más spéis leat a bheith ag obair san AE. Tugann sé deis iontach le bheith ag obair le daoine ó chúltúir éagsúla chomh maith. Brúigh anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcineál obair a dhéantar san Aontas Eorpach.