Saoire sa Ghaeltacht
Tá dea-chlú bainte amach ag na ceantair Ghaeltachta mar áit ar leith mar gheall ar an nGaeilge a bheith ina teanga phobail, mar gheall ar fhéiniúlacht na Gaeltachta de bhrí go bhfuil sainchultúr agus meon dúchais inti, sainiúlacht agus meon a léirítear sa cheol, san amhránaíocht agus sa rince, gan trácht in aon chor ar chuid de na radharcanna tíre is breátha in Éirinn.
Tá rogha leathan d’imeachtaí ar fáil sa Ghaeltacht don duine atá ag iarraidh seal ciúin a chaitheamh, don duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó don duine atá ag iarraidh tréimhse a chaitheamh amuigh faoin spéir.
Tá eolas ar fáil maidir le lóistín, taisteal, gníomhaíochtaí agus imeachtaí sna ceantair seo a leanas:
Chomh maith le sin bíonn saoire do theaghlaigh le Gaeilge á eagrú ag Glór na nGael. Bíonn siad seo ar siúl le linn an tsamhraidh agus cuirtear réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn orthu. Is deis iontach í bualadh le cainteoirí Gaeilge eile agus saoire a chaitheamh trí mheán na Gaeilge leo. I mbliana beidh seal á chaitheamh i gCorca Dhuibhe, Ciarraí agus Brú na Gráige i mBaile an Fheirtéaraigh.