Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Eolaire Gnó PEIG.ie
Tá seirbhís mhargaíochta nua á tairiscint ag Conradh na Gaeilge atá saor in aisce do chuideachtaí agus don phobal, Eolaire Gnó Peig.ie. Tá an t-eolaire gréasáin nua do sheirbhísí Gaeilge ar an bhfód ó Mheitheamh 2016 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.
Cuirtear eolas ginearálta faoi chuideachtaí ar an eolaire ar fáil cosúil le sonraí teagmhála, uaireanta oscailte, agus catagóir ghnó – tá breis is 120 cuideachta cláraithe faoi láthair. Beidh an t-eolas seo ar fáil do bhaill an phobail dá n-úsáid phearsanta féin.
Seo a leanas roinnt eolais faoin eolaire agus conas leas a bhaint as an tseirbhís seo:
- Tá an t-eolaire á fhorbairt ar mhaithe le heolas faoi sheirbhísí Gaeilge a scaipeadh mar aon le héileamh agus úsáid na seirbhísí seo a ardú i measc an phobail.
- Feidhmeoidh an t-eolaire uile-oileánda seo mar lárphointe eolais do phobal uile na hÉireann le nascanna do shuíomhanna idirlín chuideachtaí agus do sheirbhísí éagsúla atá á gcur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre.
- D’fheadfadh an t-eolaire cabhrú le cuideachtaí custaiméirí breise a mhealladh agus gné uathúil dhíolacháin (USP) a chur ar fáil dóibh.
- Tabharfaidh an t-eolaire deis don phobal seirbhísí agus cuideachtaí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a aimsiú ar suíomh amháin.
Deich bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó:
- Is cúis bhróid í do mhuintir na hÉireann gur féidir leo úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais féin.
- Tá Gaeilge ag daoine agus tá éileamh ann do sheirbhísí trí Ghaeilge.
- Cruthaíonn an Ghaeilge nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí.
- Cruthaítear caidreamh agus dílseacht ar leith idir custaiméirí agus comhlachtaí mar gheall ar an nasc sin.
- Cuireann úsáid na Gaeilge margaí nua ar fáil do chomhlachtaí.
- Tugann an Ghaeilge aitheantas agus USP ar leith don chomhlacht in áit an mhargaidh.
- Ardaítear líon na gcustaiméirí mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge.
- Cuireann tréithe an dátheangachais go mór le stádas náisiúnta agus domhanda an chomhlachta.
- Cruthaíonn sé eispéireas uathúil do thomhaltóirí le léargas ar chultúr na hÉireann.
- Tá sé éifeachtach ó thaobh costais de agus éasca le cur i bhfeidhm.
Eolas seo bunaithe ar thaighde Millward Brown 2015, tuilleadh eolais anseo.
Cén chaoi le do chuid sonraí a chlárú le hEolaire PEIG.ie:
Táimid ag súil leis an méid is mó seirbhísí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa bhfiontar nua seo. Tá seirbhísí á lorg againn atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge cheana féin nó seirbhísí atá ann a d’fhéadfadh comhlacht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is féidir an fhoirm chláraithe thíos (leagan Béarla agus leagan Gaeilge) a úsáid chun seirbhís a chlárú leis an eolaire.
De réir a chéile, cuirfear bunachar de sheirbhísí Gaeilge le chéile leis an eolas seo agus cuirfear an t-eolas seo ar fad ar an suíomh idirlín PEIG.ie. Chomh maith leis sin, gheobhaidh tú cóip den séanadh freagrachta leis an ríomhphost seo gur fiú do chuideachta a léamh roimh ré.
Lean an dá chéim éasca thíos:
- Léigh an séanadh freagrachta
- Líon an fhoirm chláraithe (Leagan Gaeilge)
- Fan go dtí go seoltar ríomhphost deimhnithe ó fhoireann PEIG.ie
Ní gá le Gaeilge chun do chuid chomhlachta a bheith páirteach. Is féidir seibhísí áirthe trí mheán na Gaeilge a chlárú más maith leat. Fiú má tá ‘cúpla focal’ ag d’fhoireann, léiríonn do chuid rannpháirtíoctha in Eolaire Gnó PEIG.ie go bhfuil do chomhlacht ag déanamh a sheacht ndícheall úsáid a bhaint as an nGaeilge go laethúil.
Seolfar pacáiste tacaíochta chugat i ndiaidh clárúcháin, le hacmhainní a thiocfaidh i gcabhair leat an Ghaeilge a chur chun cinn san ionad oibre.
Má tá aon cheist agat faoin eolaire nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil linn.
Ríomhphost: eolairepeig@cnag.ie nó Uimhir: (01) 475 7401