Seoda cultúrtha ceilte na hardchathrach
Tá 14 Henrietta Street lonnaithe i dteach cathrach Seoirseach ar an taobh ó thuaidh den chathair agus tá stair fhada thaibhsiúil aige. Tá stair na hardchathrach í fhéin fite fuaite leis an bhfoirgneamh seo a tógadh i dtús báire do scothaicme na tíre ach a ndearnadh tionóntán de sa bhliain 1877. Bhí cónaí ar níos mó ná 100 duine sa teach faoin mbliain 1911 ach ba thionóntán fós é go dtí deiredh na 1970í.
Foghlaim faoi scéalta pearsanta na cathrach agus faoi scéalta chruachás na ndaoine a raibh cónaí orthu sa teach stairiúil seo le linn an chéid seo caite.
Grianghraf a glacadh taobh istigh den teach
Eolas faoi do chuairt
Is féidir rochtain a fháil ar 14 Henrietta Street ar thuras treoraithe amháin. Maireann an turas thart ar 75 nóiméad agus moltar iad a chur in áirithe roimh ré.
Faigh treoracha chuig 14 Henrietta Street anseo.
Turais
Céadaoin – Satharn: 10.00; 11.00; 12.00; 13.00; 14.00; 15.00; 16.00
Domhnach: 12.00; 13.00; 14.00; 15.00; 16.00
Luan & Máirt: Dúnta
Ticéid
€9.00 do dhaoine fásta
€6.00 ar lacáiste (OAP, mac léinn, páiste idir 5-18)
€20.00 do theaghlach (2 duine fásta and 3 páiste)
Cuir ticéad in áirithe anseo
Is é an Gallery of Photography lárionad náisiúnta na grianghrafadóireachta comhaimseartha in Éirinn. Tá sé suite i gcroílár Bharra an Teampaill ar Chearnóg Theach an Tionóil i bhfoirgneamh álainn nua-aimseartha. Bíonn cúpla taispeántas ar siúl acu ag aon am amháin i gcónaí ag léiriú scoth na grianghrafadóireachta ó Éirinn agus ó áiteanna eile timpeall na cruinne.
Faoi láthair tá taispeántas ar siúl darb ainm ‘A Modern Eye: Helen Hooker O’Malley’s Ireland’ a thugann léargas ar shaothair luath Helen Hooker O’Malley’s, Meiriceánach a raibh ‘grá aici do thírdhreach, stair agus muintir na hÉireann.’
Carrowmore Races, Co. Mhaigh Eo 1938. Ceann de na grianghraif sa bhailiúchán.
Eolas faoi do chuairt
Tá iontráil chuig an Gallery of Photography saor ó chostas.
Faigh treoracha chuig an Gallery of Photography anseo.
Uaireanta oscailte
Domhnach – Luan: 13:00 – 18:00
Máirt – Satharn: 11:00 – 18:00
D’oscail doirse an Science Gallery sa bhliain 2008 agus ó shin tá an ‘turgnamh beo’ faoi lánseol. Cuirtear fáilte roimh thaispeántais de gach saghas teacht chuig an Science Gallery ar mhaithe le léargas a thabhairt don lucht freastail ar ábhair shainspéise, ‘ranging from design and violence to light and love, and from contagion and biomimicry to the futures of the human species and play.’
I láthair na huaire tá taispeántas fíorspéisiúil ar siúl dar teideal ‘Perfection’ a cuireadh ar taispeáint den chéad uair sa i Melbourne na hAstráile. Nochtann an taispeántas uathúil seo an tóir leanúnach atá ag daoine daonna d’fhoirfeacht a fheiceáil i ngach gné den saol. Féach thíos ar an bhfíseán (Béarla) le tuilleadh eolais a fhoghlaim faoi.
Eolas faoi do chuairt
Tá iontráil chuig an Science Gallery saor ó chostas.
Faigh treoracha chuig an Science Gallery anseo.
Uaireanta oscailte (Lúnasa)
Taispeántas – 11:00 – 18:00
Caifé – 08:00 – 17.15
Siopa – 11:00 – 17:00
Is é an Músaem Náisiúnta Cló an t-aon músaem in Éirinn dá leithéid. Cuirtear bailúchán de threalamh clódóireachta ar taispeáint ann mar aon le roinnt mhaith déantán luachmhara, bunchóip de Fhorógra na Cásca 1916 cuir i gcás. Tá caife álainn neamhspleach darbh ainm Press lonnaithe ar an láthair chomh maith agus is féidir bualadh isteach ann i gcomhair greim bia i ndiaidh na cuairte.
I láthair na huaire tá taispeántas ar siúl darb ainm To the Moon a fhaigheann inspioráid ón gcéad thuirlingt ar an ngealach 50 bliain ó shin. Tá tuilleadh eolais faoin taispeántas sin ar fáil anseo.
Cúpla ceann de na priontaí sa taispeántas To the Moon
Eolas faoi do chuairt
Tá iontráil chuig an Músaem Náisiúnta Cló saor ó chostas.
Faigh treoracha chuig an Músaem Náisiúnta Cló anseo.
Uaireanta oscailte
Luan – Aoine – 09.00 – 17.00
Satharn – Domhnach – 14.00 – 17.00
Is Institiúid Náisiúnta Cultúrtha bríomhar í Leabharlann Chester Beatty atá suite i mBaile Átha Cliath agus ina bhfuil bailiúchán de lámhscríbhinní, de leabhair uathúla, agus de sheoda eile ón Eoraip, ón Meánoirthear, ón Afraic Thuaidh agus ón Áise. Is ionann an t-ábhar seo agus leabharlann phríobháideach, tráth dá raibh, de Sir Alfred Chester Beatty (1875–1968), innealtóir mianadóireachta rathúil Meiriceánach a bhí ina fhear bailiúcháin agus daonchairdis.*
Sa leabharlann mór le rá seo tá na céadta ornáid agus lámhscríbhinn ó na réigiúin thuasluaite a léiríonn conas chomh ilghnéitheach agus saibhir is atá an bailiúchán. Moltar go láidir cuairt a thabhairt ar an áit seo – an t-aon mhúsaem in Éirinn ar éirigh leis gradam ‘European Museum of the Year’ a bhaint amach.
*Tá cuid den fhoclaíocht seo tógtha ó shuíomh idirlín na Institiúide.
Soiscéal Lúcáis i nGréigis, 200-250 AD, a aimsíodh san Éigipt. Cheannaigh Chester Beatty go luath sna 1930í é.
Eolas faoi do chuairt
Tá iontráil chuig Leabharlann Chester Beatty saor ó chostas.
Faigh treoracha chuig Leabharlann Chester Beatty anseo.
Uaireanta oscailte
Luan – Aoine – 10:00 – 17:00
Satharn – 11:00 – 17:00
Domhnach – 13:00 – 17:00