Feidhmeannach Taighde & Anailíse
Conradh na Gaeilge
Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith.
Tá an Conradh ag lorg duine le bheith mar Fheidhmeannach Taighde & Anailíse ar feadh tréimhse bliana agus an feidhmeannach reatha ar sos gairme.
Cur síos ar an bpost
Faoi stiúr Bhainisteoir Abhcóideachta ó dheas agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an bhFeidhmeannach Taighde & Anailíse, na dualgais a leanas a dhéanamh:
- Anailís agus taighde a dhéanamh ar chur i bhfeidhm pholasaithe teanga, stráitéis rialtais agus reachtaíocht teanga
- An taighde bliantúil ‘Céard é a an Scéal?’ a chomhordú agus a riaradh
- Aighneachtaí cuimsitheacha taighde-bunaithe a chur le chéile do na feachtais agus na comhairliúcháin
- Anailís agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm reachtaíocht reatha agus aon reachtaíocht nua molta gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ann
- Córas measúnaithe rioscaí a bhunú le bheith réamhgníomhach i leith ionsaithe ar an teanga agus socruithe teagmhasacha a réiteach dá réir sin Anailís a dhéanamh agus monatóireacht ar chur i gcrích fhorálacha cuí na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh
- Córas coimhdéadta a riaradh leis an Ghaeilge a chosaint ar ionsaithe ag leibhéal réigiúnach, fo-réigiúnach & áitiúil de réir mar is gá
- Aighneachtaí a sholáthar ar cheisteanna a bhaineann le leas na Gaeilge agus comhairle agus treoir a chur ar an bpobal agus ar eagraíochtaí eile i leith na gceisteanna sin
- Monatóireacht a dhéanamh ar na córais pholaitiúla thuaidh, theas agus idirnáisiúnta mar a bhaineann sé leis an teanga
Cur síos ar an té a cheapfar
- Cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost nó taithí a chomhionann
- Scileanna maithe taighde agus ríomhaireachta
- Scileanna maithe cumarsáide le baill foirne agus leis an bpobal
- Eolas maith faoi riachtanais phobal na Gaeilge agus Gaeltachta
- Cur amach ar na córais polaitiúla thuaidh agus theas
- Caighdeán maith Gaeilge scríofa agus labhartha agus/no TEG – Leibhéal B2.
Scála Tuarastail:
Oifigeach Feidhmiúcháin, 11/2023 Scála 1A: €34,562 go €56,969. Chomh maith leis sin íocfar 5% den tuarastal sa bhreis ar an tuarastal mar sholáthar do phinsean an fhostaí ceaptha tar éis dóibh an tréimhse promhaidh a bhaint amach.
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoin 4 Nollaig 2023 ag 11:00
Eolas breise:
- Bíonn Conradh na Gaeilge ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda & bíonn cúraimí uile-oileánda ag gach fostaí dá réir sin
- Beidh na hagallaimh don phost seo ar siúl ar an Luan, 11 Nollaig ar líne
- D’fhéadfadh go mbeadh cianobair i gceist leis an bpost seo
- Is conradh bliana atá á thairisceant don ról seo
- Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge
Job Features
Job Category | Conradh na Gaeilge, Gach Folúntas |