Oifigeach Feidhmiúcháin le Gaeilge líofa 2023
An Státseirbhís
Tá Oifigigh Feidhmiúcháin fostaithe i ngach Roinn/Oifig Rialtais ina bhfuil réimse freagrachtaí feidhmiúcháin. Is é grád an Oifigigh Feidhmiúcháin an grád bunleibhéil ag leibhéal na bainistíochta sóisearaí sa Státseirbhís.
An Ról
Fostaítear Oifigigh Feidhmiúcháin i ngach Roinn/Oifig saStátseirbhís, agus bíonn a lán freagrachtaí feidhmiúcháin orthu. Is é grád an Oifigigh Feidhmiúcháin an grád bunleibhéil ag leibhéal na bainistíochta sóisearaí sa Státseirbhís.
Is do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge an ról seo mar Oifigeach Feidhmiúcháin. Ní mór duit grád inniúlachta B2, ar a laghad, ar Chreat Féinmheasúnaithe Europass, a bheith agat sa Ghaeilge.
Ní gá go mbeadh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge ar bhonn lánaimseartha, ag brath ar an ngnó a dhéanann an roinn fostaithe.
Dáta Dúnta: 3i.n. Dé Luain 27 Samhain 2023
Tuilleadh eolais anseo.
Job Features
Job Category | Earnáil Phoiblí, Gach Folúntas |