Céilí Seiteanna ar Lá Fhéile Phádraig
Céilí Seiteanna ar Lá Fhéile Phádraig
@ Aonach Mhacha
Seachtain na Gaeilge le Energia Siamsaíocht Agus EalaínTá an-tóir ar 'rincí set' ar fud na hÉireann. Tá siad bunaithe ar cuadraillí, damhsa cúirte a bhí ann ar dtús. Athraíodh iad ag muintir na hÉireann go damhsa pobail ar leith a bhfuil tóir air sna bailte agus sráidbhailte fud fad na tíre.
Sna 1980í tháinig athbheochán ar seiteanna céilí agus seit ceardlanna a thug cuid mhór lucht tacaíochta nua leis. Chomh maith leis sin, tá athaimsiú tagtha ar damhsa seit agus ní amnháín in Éirinn ach ar fud an domhan, áit ar bith a bhfuil na heisimircigh ag cur fúthu.
Tá rince seit difriúil ó rince cearnóige agus rince mór toisc nach bhfuil fear/bean an tí de dhíth, tá ord na bhfigiúirí réamhshocraithe de réir ainm an tseit. In áiteanna le pobal mór damhsóirí cosúil le hÉirinn agus Nua Eabhrac, tá sé coitianta nach mbíonn fear/bean an tí mar tá na seiteanna ar eolas ag na rinceorí cheana féin. Ach ag na hionaid mhór áfach, is minic a bhíonn faer an tí nó bean an tí i láthair chun treoireacha a thabhairt do na daoine nach bhfuil muiníneach leis na seiteanna.
Bígí linn! Ní gá taithí a bheith agat!