Amharclann
Áislann Chill Chartha
ÁISLANN CHILL CHARTHA TEORANTA, AN TSRÁID MHÓR ÍOCHTARACH CILL CHARTHAIGH CO. DHÚN NA NGALL F94 EYF4
Amharclann Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais
Áislann Rann na Feirste
Áislann Rann na Feirste, Rann na Feirste, Leitir Ceanainn
Amharclann Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
Is comhlacht pobalbhunaithe é Áislann Rann na Feirste a dhéanann freastal ar riachtanais an phobail, ó thaobh áiseanna, imeachtaí agus seirbhísí de. Feidhmíonn an Áislann mar lárionad chun tabhairt faoi gach gné d’fhorbairt phobail ar bhonn leanúnach. I measc na n-áiseanna, tá naíonra, club óige, club sinsear, club obair bhaile, leabharlann taighde gaeilge, halla spóirt, cistin, seomraí ilfheidhmeacha, gairdín pobail agus seirbhísí aistriúcháin, ceartúcháin agus fótachóipeáil.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)74 9562222 Ríomhphost: aislannrnaf@gmail.com Suíomh: www.aislannrannnafeirste.ieUaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.nAmharclann Ghaoth Dobhair
Ard na gCeapairí, Na Doirí Beaga,Leitir Ceanainn, Dún na nGall
Amharclann Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais
Cúlra
Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú. Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil,...Amharclann Ghaoth Dobhair 🥇
Ard na gCeapairí, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill
Is í príomhaidhm na hAmharclainne ná an Ghaeilge, an cultúr agus na healaíona a chothú agus a chaomhnú. Is í Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon Amharclann Ghaeilge atá suite i gcroí lár Ghaeltacht ar bith ar fud na tíre. Tá tobar domhain teanga agus saibhreas teanga i gceantar Ghaoth Dobhair. Ina dteannta sin, tá pobal ildánach thart timpeall air ina bhfuil ealaíontóirí cruthaitheacha cumasacha le fáil ann. Is é cur chuige na hAmharclainne ná lárionad ealaíne den scoth a chur ar fáil don phobal chun an saol cruthaitheach seo a léiriú agus a chur chun cinn sa cheantar uathúil, leitheadach...
An Carn
An Carn 132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire
Amharclann Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Seisiúin Cheoil Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra:
Is é Coiste Forbartha Charn Tóchair atá i bhfeighil an ionaid seo. Bunaíodh an Coiste in 1992 le hathghiniúint cheantar Charn Tóchair i gContae Dhoire a chur chun cinn. Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach d’éiteas an Choiste. San ionad é féin, tá siopa, amharclann, halla ilúsáide, seomraí cruinnithe agus comhdhála, chomh maith le dhá theach saoire féinfhreastail agus go leor eile ar fáil. Bíonn imeachtaí óige á soláthar ag Óige Charn Tóchair i rith na bliana ag spreagadh an aosa óg i dtreo na Gaeilge.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (0)28 79549978 Suíomh: www.ancarn.org Ríomhphost: eolas@ancarn.orgUaireanta Oscailte:
...Aonach Mhacha
74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG
Amharclann Caifé Ciorcail Chomhrá Eolaire Gnó Gairdín Dín Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhís Oiriúnaithe Éadaí Seirbhísí Bunscolaíochta Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra:
Sochfhiontair pobail atá in Aonach Mhacha a thugann le chéile roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus cultúir le chéile faoin aon díon amháin i gcroílár chathair Ard Mhacha. Chomh maith le ranganna Gaeilge agus eile, cuirfear clár leathan d’imeachtaí ealaíne, oidhreachta agus cultúrtha ar siúl sa lárionad, a bheas mar bhaile buan ag pobal na Gaeilge fá cheantar Ard Mhacha.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (28) 3799 8111; Suíomh: www.aonachmhacha.com; Ríomhphost: failte@aonachmhacha.com / eolas@aonachmhacha.comUaireanta Oscailte:
Máirt – Satharn, 9:30r.n. - 5:00i.n. Oscailte sa tráthnóna d’imeachtaí & rangannaÁras Chrónáin, Ionad Cultúir
Lána an Uisce, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. D22X856
Amharclann Beár Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Seomraí ar cíos Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
Is é Áras Chrónáin, Ionad Cultúir lárionad Mhuintir Chrónáin. Is áit shainiúil í ina mbaineann idir óg agus aosta ó gach aicme spraoi ‘s taitneamh as cultúr beo na tíre. Tá stiúideo taifeadta, amharclann agus beár san ionad. Bíonn ranganna oíche don Ghaeilge agus don cheol ar siúl ó Mheán Fómhair go Meitheamh. Tá Áras Chrónáin ar fáil ar cíos do chruinnithe, chomhdhálacha, sheoltaí, chúrsaí oiliúna, imeachtaí príobháideacha, chóisirí, bhainiseacha agus eile.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)1-4574847 Suíomh: www.araschronain.ie Ríomhphost: eolas@araschronain.ieUaireanta Oscailte
Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00in Déardaoin, Sathairn, Domhnach: 8:00rn - 12:00inÁras Mhic Reachtain
283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, Co. Aontroma
Amharclann Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Spás Taispeántais
Cúlra
Is cumann carthanachta Gaelach é Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bunaíodh i 2000. Cuirtear an teanga chun cinn trí mheán an oideachais, an chultúir agus na healaíne. Cuirtear idir cheolchoirmeacha, léachtaí, sheoltaí leabhair, ranganna agus cheardlanna ar siúl - agus iad uilig trí mheán na Gaeilge. Bhog an Cumann isteach in Áras Mhic Reachtain i 2015.Teagmháil
Uimhir fóin: +44 (0)28 90749688 Suíomh: mhicreachtain.com Ríomhphost: eolas@mhicreachtain.comUaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇
216 Bóthar na bhFal, Béal Feirste
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna do Dhaoine Fásta Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra: Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge). Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Mórshráid Shéamais, Doire
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
D’fhás An Gaeláras as craobh de chuid Chonradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1983 i ndá sheomra i dTaobh an Bhogaigh. Bunaíodh an chraobh chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Bhí an t-éileamh ar ranganna chomh mór sin gur bhog an chraobh chuig foirgneamh eile i 1988, áit a raibh siad mar thionónta go dtí gur ceannaíodh 34 Mórshráid Shéamais, i 1992. Osclaíodh Chultúrlann Uí Chanáinn i Mí Mheán an Fhómhair 2009 le hamharclann, caife, siopa, club óige, seomraí léachta agus ranga.Teagmháil
Uimhir fóin: +44 (0)2871 264 132 Suíomh: culturlann.org Ríomhphoist: eolas@culturlann-doire.ieUaireanta Oscailte
Luan go...Cumann Chluain Árd
27-43 Sráid Hawthorn, Béal Feirste
Amharclann Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil
Cúlra:
Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéál Feirste. An cuspóir a bhí ag na baill bhunaidh ná áit a chruthú le go mbeadh deis ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. D’aimsigh siad foirgneamh ar Shráid na Sceiche, agus tá siad ann ó shin. I mí na Samhna 2016, d’oscail siad ionad úrnua ar an láthair chéanna, ina bhfuil ranganna Gaeilge, club sóisialta agus amharclann ar fáil.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 7955054024 Suíomh: www.liofa.eu/learning-irish/organisations/cumann-chluain-ard Ríomhphoist: cumannchluainard@gmail.comUaireanta Oscailte:
Luan, Céadaoin, Déardaoin, Aoine: 9:00r.n. - 11:00i.nDún Mhuire, Conradh na Gaeilge
50, Sráid an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann
Amharclann Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Gaeilge Seisiúin Cheoil Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais
Cúlra
Is lárionad Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge é Dún Mhuire san Aonach i gCo. Thiobraid Árann. Is cosúil go raibh craobh den Chonradh san Aonach chomh fada siar le 1901. Tá sé mar aidhm ag an ionad cúrsaí Gaeilge a fhorbairt agus a láidriú tríd an gcontae ar fad. Tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lán-aimseartha fostaithe ag an ionad. Tá siopa earraí Gaeilge, amharclann, naíonra agus go leor eile ar fáil san ionad.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)67 41570 Suíomh: www.cnagantaonach.ie Ríomhphost: cnagantaonach@gmail.comUaireanta Oscailte
Oifig: Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.n. Siopa: Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:00i.nIonad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh
Ionad CultúrthaIonad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne, Máigh Chromtha
Amharclann Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Spás Taispeántais
Cúlra:
Tá Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh lonnaithe i mBaile Mhúirne ó na 80aidí agus chomh maith le clár imeachtaí ealaíne a chur ar siúl, reachtáileann an tIonad ranganna ceoil/ealaíne agus ceardlanna do na scoileanna sa cheantar. Tá béim ar na healaíona dúchasacha chomh maith leis an nGaeilgeTeagmháil:
Uimhir fóin: 026 457 33 Suíomh: ionadculturtha.ie Ríomhphost: eolas@ionadculturtha.ieUaireanta Oscailte:
Luan go Satharn, 10:0r.n. - 8:00i.nIonad na Fuiseoige
6 Bóthar Cnoc an tSamhraidh, Béal Feirste, BT17 0RL
Amharclann Bia agus Deoch Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais