Seomraí Cruinnithe
Áislann Rann na Feirste
Áislann Rann na Feirste, Rann na Feirste, Leitir Ceanainn
Amharclann Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe Spás Taispeántais Turais Threoraithe
An Chrannóg
An Chrannóg, Sraith na Corcra, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe Spás Taispeántais
Cúlra
Tá dhá Chomharchumann éagsúla lonnaithe sa Chrannóg. Bunaíodh Comharchumann na nOileán Beag i 1998 le hionadaíocht a dhéanamh ar oileáin Dhún na nGall. An dá sprioc atá ag an gComharchumann ná forbairt na nOileán agus cumasú na n-oileánach. Bunaíodh Comharchumann Ghaoth Dobhair sa bhliain 1984. Bunaíodh coiste forbartha ar dtús agus b’as an gcoiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an sean-Cheardscoil i 1989 agus tá an Comharchumann ann ó 1992. Tá an t-ionad ag feidhmiú mar ionad Gaeilge, Oideachais agus Fiontair.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)74 9532208 Suíomh: www.crannog.ie Ríomhphoist: cfgd@eircnom.net/ancaire@eircom.netUaireanta Oscailte
Oifig: Luan go hAoine: 9r.n....Áras Chonradh na Gaeilge, Dún Dealgan
5 Plás na Trá, Contae Lú, Cúige Laighean, Éire, A91 HY04
Cúlra
Bunaíodh Craobh Dhún Dealgan sa bhliain 1899 agus ceannaíodh Áras an Chonartha ag 5 Plás na Trá, Dún Dealgan sa bhliain 1919. Críochnaíodh athchóiriú iomlán ar an áras sa bhliain 1999 agus tá foirgneamh breá nuaaimseartha ann anois. Tá ceithre urlár san fhoirgneamh le seacht seomra cruinnithe ann. Eagraítear ranganna comhrá Gaeilge do dhaoine fásta agus do dhaltaí meánscoile. Bíonn ranngana rince ar an sean nós ar siúl ann fostaTeagmháil
Uimhir fóin: +353 872058175 Ríomhphost: : cnagdundealgan@gmail.comUaireanta Oscailte
Nuair a bhíonn imeachtaí ar siúlÁras Ros Goill
Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, Dún na nGall
Campaí Samhraidh do Pháistí Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhísí Bunscolaíochta Seomraí Cruinnithe
Cúlra:
Cuireadh Céim Aniar ar bun sa bhliain 2001. Is é an sprioc a bhí agus atá ag Céim Aniar ná an Ghaeilge a tharrtháil agus a chothú i gceantar Ros Goill. Tá oifig ag Céim Aniar in Ionad Acmhainne Mhíobhaigh agus oibríonn lucht oibre an eagrais leis na teaghlaigh sa pharóiste. Bíonn os cionn trí scór pháistí ag freastal ar na himeachtaí a chuireann Céim Aniar ar fáil i ndiaidh am scoile sa Choláiste agus in Ionad CLG na Dúnaibh. Bíonn ranganna Gaeilge a reáchtáil san oifig i rith na bliana fosta.Teagmháil:
Uimhir fóin: +353 (0)74 9154830 Ríomhphost:...Café Aon Scéal 🥇
518 an tSráid Mhór, Tamhlacht, Baile Átha Cliath, D24 P298
Bia agus Deoch Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire Gnó Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna do Dhaoine Fásta Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe Siopa Leabhar Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais
Cúlra:
Osclaíodh an ‘Café Aon Scéal?’ i mí na Samhna, 2019 mar chuid den lárionad Gaeilge Thamhlachta. Bíonn an caifé ‘Aon Scéal’ ar oscailt gach lá den tseachtain. Bricfeasta ar fáil maidin Shathairn agus maidin Dhomhnaigh. 🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag Gradam Gnó na hÉireann 2022Teagmháil:
Uimhir fóin: 085 876 3123; Suíomh: https://www.instagram.com/aonscealcafe; Ríomhphost: cafeaonsceal@gmail.comUaireanta Oscailte:
Luan go hAoine, 9:30r.n. - 4:00i.n. Satharn, 10:00r.n. - 3:00i.n. Domhnach, 11:00r.n. - 3:00i.nCeanncheathrú Muintearas
Tír an Fhia, Leitir Móir, Gaillimh
Beár Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire Gnó Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna do Dhaoine Fásta Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seisiúin Cheoil Seomraí ar cíos Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra
Cuirtear oideachas ar fáil do gach aois-ghrúpa sa phobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Tá Muintearas ag obair i ngach gné de chúrsaí oideachais, oiliúna agus seirbhísí do phobal na Gaeltachta. Tá taithí na mblianta againn ar shealbhú agus buanú teanga sa nGaeltacht.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)91 551145 Suíomh: muintearas.com Ríomhphost: muintearas@muintearas.comUaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Spás Oifige Spás Taispeántais
Cúlra
Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Is iad na Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl againn anois. Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fho-chomhlacht den Chomarchumann. Eagraíonn an Oidhreacht imeachtaí cultúrtha éagsúla agus ‘Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta’.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)66 9156100 Suíomh: www.cfcd.ie Ríomhphoist: cfcd@cfcd.ieUaireanta Oscailte
Luan go hAoine: 9:00rn - 5:00inComhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Ceann Eich, Cathair Saidhbhín, Co Chiarraí
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Eolaire na Lárionad Gaeilge Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe Spás Taispeántais
Cúlra
Bunaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i 1998 mar scáthghrúpa do na coistí forbartha pobail Gaeltachta in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí. Tá a n-ionad lonnaithe i gCeann Eich, lámh leis an gCoireán. An sprioc atá acu ná an Ghaeilge agus an pobal Gaeltachta a fhorbairt in Uíbh Ráthach agus Solathar seirbhisí riachtanacha don Phobal a chur ar fáil. Bíonn ranganna Gaeilge, cúrsaí teaghlaigh agus go leor eile ar siúl san ionad.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)66 9474888 Suíomh: www.liveworkiveragh.ie Ríomhphost: ccnfteo@indigo.ieUaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 5:00i.n.Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇
216 Bóthar na bhFal, Béal Feirste
Amharclann Beár Bia agus Deoch Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna do Dhaoine Fásta Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra: Bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 agus fuair sí a hainm ó Robert Shipboy McAdam (duine de na Preispitéirigh a chuir suim sa Ghaeilge i gCúige Uladh san ochtú agus sa naoú haois déag) agus ó Thomás Ó Fiaich (Ard-Easpag ar Dheoise Ard Mhacha agus scoláire Gaeilge). Tá sé mar sprioc ag An Chultúrlann cultúr na nGael a fhorbairt agus a chur i lár an aonaigh. Ba mhaith leo an Ghaeilge a spreagadh tríd na healaíona, agus anuas ar sin, na healaíona a chur chun cinn tríd an nGaeilge.
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
🥇Bonn Óir sa chatagóir 'Seirbhís i nGaeilge' ag...
Gael-Ionad Mhic Goill
4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste, Contae Aontroma
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seirbhísí Bunscolaíochta Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Spás Oifige Turais Threoraithe
Cúlra:
Is toradh de dhá bhliain déag oibre san Uachtar Cluanaí é Gael-Ionad Mhic Goill, áit a bhfuil Glór na Móna ag déanamh obair phobail agus óige trí mheán na Gaeilge ón mbun aníos. Ainmníodh an Gael-Ionad in ómós de Sheán Mac Goill, gníomhaí teanga ón gCarraig Bhán, a rinne obair dhícheallach san Uachtar Cluanaí sna 1960í agus 1970í, ó thaobh forbairt agus athghiniúint phobail de. Is é sin a thugann an spreagadh d’obair Ghlór na Móna sa lá inniu.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (28) 90 234442 Ríomhphost: oifig@glornamona.com Suíomh: www.glornamona.comUuaireanta Oscailte:
Luan go hAoine, 9:00r.n. - 10:00i.n.Gaeláras Mhic Ardghail
Gaeláras Mhic Ardghail, An tIúr, Contae an Dúin, An Ríocht Aontaithe, BT34 2DT
Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Gaeilge Seirbhís Meánscolaíochta Seomraí Cruinnithe Spás Oifige Turais Threoraithe
Cúlra Sheol Craobh an Iúir de Chonradh na Gaeilge Gaeláras Mhic Ardghail ar 18 Feabhra 2013, i gcomhpháirtíocht le Comhairle an Iúir & Mhúrn, An Ciste Infheistíochta Gaeilge agus Comhaltas Uladh. Tá an Chraobh seo gníomhach sa cheantar le 120 bliain anuas. Cuireann an t-áras áiseanna oideachais, cultúrtha agus sóisialta ar fáil do Ghaeilgeoirí an Iúir agus Mhúrn. Tá ranganna Gaeilge, halla d’imeachtaí, leabharlann agus go leor eile ar fáil ann. Teagmháil Uimhir fóin: +44 7769712313 Ríomhphost: gaelarasmhicardghail@gmail.com Uaireanta Oscailte Luan go hAoine, 9:30r.n. - 5:30i.n.
Ionad an Chrois Bhealaigh
Ionad an Chrois Bhealaigh, Fál an Ghabhainn, Arainn Mhóir, Dún na nGall, F92 YT52
Campaí Samhraidh do Pháistí Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Grúpa Tuistí agus leanaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seomraí Cruinnithe Turais Threoraithe
Cúlra:
Bunaíodh Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn Mhóir in Ionad Pobail Árainn Mhóir sa bhliain 2001 agus an phríomhaidhm atá aige ná forbairt chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíochta an Oileáin. Cuirtear áiseanna oideachais, traenála, siamsaíochta agus fostaíochta ar fáil do mhuintir an Oileáin chomh maith le réimse leathan áiseanna do na oileánaigh agus cuairteoirí.Teagmháil:
Uimhir fóin: +353 (0)74 9520024 Suíomh: www.arainnmhor.com Ríomhphoist: development@arainnmhor.comUaireanta Oscailte:
Luan go hAoine: 9:00r.n. - 9:00i.nIonad Fiontair Cholm Ó hIarnáin
Cill Rónáin, Inis Mór, Gaillimh
Cúlra
Tá Comharchumann Forbartha Árann ag obair ar son an phobail le blianta fada anois. Bunaíodh an Comharchumann sa bhliain 1992, agus osclaíodh na hoifigí nua in Ionad Fiontair Cholm Ó hIarnáin sa bhliain 2007. Tá muid suite i gCill Rónáin i lár an bhaile agus cuireann muid gach seirbhís ar fáil don phobal: seirbhísí oifigí, seirbhís bhreosla, naíonra, bus an phobail, páirc spraoi agus go leor eile.Teagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)99-61354 Suíomh: cfarann.ie Ríomhphost: eolas@cfarann.ieUaireanta Oscailte
Luan go Déardaoin, 9:00.n. - 5:00i.n. Aoine, 9:00r.n. - 4:00i.nIonad na Feamainne Chomhar Chuigéal
Comhar Chugéal (Leitir Mealláin) Teoranta, Leitir Mealláin, Contae na Gaillimhe, H91 CH7X
Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Eolaire Gnó Grúpa Tuistí agus leanaí Oifig Turasóireachta Saol Beo agus Gníomhach Seomraí Cruinnithe Sláinte agus Leigheas Soláthar Cúrsaí/Traenála Spás Oifige Spás Taispeántais
Imeachtaí Spóirt Uisce, Ionad Oidhreachta, Caifé na Feamainne, GTeic, Folcadáin Feamainne, Bealach Siúlóide Leitir Mealláin, Páirc Spraoi, Seomra Sláinte & Folláine.
Ionad na Fuiseoige
6 Bóthar Cnoc an tSamhraidh, Béal Feirste, BT17 0RL
Amharclann Bia agus Deoch Caifé Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Grúpa Tuistí agus leanaí Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige Spás Taispeántais
Cúlra:
Is ionad pobal, cultúrtha agus teaghlaigh é Ionad na Fuiseoige atá lonnaithe i gcroílar phobal Chill Uaighe i gceantar Coiln i mBéal Feirste. Cuireann Ionad na Fuiseoige réimse leathan seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus aosta: ranganna Gaeilge, club óige, naoínra, amharclann i measc roinnt mhaith eile.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (28) 90620373 Suíomh: www.ionadnafuiseoige.com Ríomhphost: eolas@ionadnafuiseoige.comUuaireanta Oscailte:
Luan go hAoine, 8:00r.n. - 22:00i.n. Sathain, 8:00r.n. - 2i.nIonad Teaghlaigh Ghleann Darach
15F Bóthar Lann Ábhaigh, Cromghlinn, BT29 4LA
Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Clubanna Óige Eolaire na Lárionad Gaeilge Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa Ranganna Gaeilge Seirbhísí Bunscolaíochta Seirbhísí Réamhscoilochta Seomraí Cruinnithe
Cúlra:
Is eagraíocht neamhchreidmheach é Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach a bunaíodh in 2002 chun oideachas a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge. Ar a bharr sin tacaíonn siad le tuismitheoirí agus leis an mhórphobal teacht ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Tá an eagraíocht ag iarraidh raon seirbhísí do thuismitheoirí a leathnú, mar shampla grúpaí tuismitheoirí agus tachrán, naíolann agus cúram leanaí, áiseanna sóisialta do dhaoine scothaosta srl. Agus iad uilig ar fáil ar bhonn trasphobail. Bíonn siad ag obair go dícheallach le leibhéil hochtaineachta agus cruatain a bhíonn ag baill...Ionad Teampall Chróine
An Clochán Liath, Dún na nGall
Caifé Campaí Samhraidh do Pháistí Ciorcail Chomhrá Eolaire na Lárionad Gaeilge Oifig Turasóireachta Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Ranganna do Dhaoine Fásta Ranganna Gaeilge Seirbhísí Réamhscoilochta Seisiúin Cheoil Seomraí ar cíos Seomraí Cruinnithe Siopa Earraí Gaeilge Spás Oifige
Cúlra
Is foirgneamh stairiúil Ionad Teampall Chróine a tógadh sa bhliain 1853 mar Eaglais Naomh Pheadair. Sa bhliain 1999 d’oscail an foirgneamh athchóirithe don phobal. Má tá tú ar lorg eolas do chuairteoirí, cupán tae, leabhar le léamh, cuimhneachán le céannach nó pas bordála a phriontáil tar isteach agus beidh lúcháir ar fhoireann an ionaid cuidiú leat. Cuireann muid sraith ranganna agus cúrsaí ar fáil don pobal. I measc na áiseanna, tá Oifig Turasóireachta Pobail Fáilte Éireann, Leabharlann, Caife agus Ionad Seirbhísí TeangaTeagmháil
Uimhir fóin: +353 (0)74 9522198 Suíomh: therosses.ie Ríomhphost: theionad@eircom.netUaireanta Oscailte
Luan go hAoine, 9:30r.n. -...Raidió Fáilte
30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, BT12 4AL
Bia agus Deoch Caifé Ciorcail Chomhrá Cúrsaí Traenála i Scileanna Craoltóireachta Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí Seomraí Cruinnithe Spás Oifige Spás Taispeántais Turais Threoraithe
Cúlra:
Is stáisiún pobail é Raidió Fáilte107.1fm atá lonnaithe i mBéal Feirste. Bíonn sé ag craoladh 24 uair a chloig in aghaidh an lae i gceantar Bhéal Feirste ag minicíocht 107.1fm agus go domhanda ag www.raidiofailte.com. Fuair Raidió Fáilte ceadúnas le bheith ag craoladh go hoifigiúil Meán Fomhair na bliana 2006. Cuireann an stáisiún traenáil ar fáil do chraoltóirí nua ar bhonn rialta. Bíonn Raidió Fáilte ag brath go mór ar dhíogras agus obair chrua na gcraoltóirí deonacha le sceideal fadréimseach agus spéisiúil a sholáthar.Teagmháil:
Uimhir fóin: +44 (28) 90310013 Suíomh: www.raidiofailte.com Ríomhphoist: eolas@raidiofailte.comUaireanta Oscailte:
Oifigí, 9:30r.n. -...Uimhir 6, Conradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.