Tá an “struchtúr cuí” agus an “fhoireann cheart” ag Ealaín na Gaeltachta chun leas a bhaint as maoiniú nua agus deiseanna níos fearr a sholáthar d’aos óg na Gaeltachta foghlaim faoi na healaíona dúchasacha.
B’in a bhí le rá ag Cathal Goan, ball de Choiste Stiúrtha Ealaín na Gaeltachta i ndiaidh cruinniú a bhí ag an eagraíocht le hAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, i nGaoth Dobhair tráthnóna.
D’fhógair Kyne le déanaí deontas €1.275 milliún d’Ealaín na Gaeltachta thar thréimhse trí bliana, an chéad uair ar ceadaíodh deontas trí bliana don eagraíocht.
Dúirt Cathal Goan, go raibh an-fháilte ag Ealaín na Gaeltachta roimh an maoiniú.
“Tá an fhoireann cheart earcaithe anois againn agus an struchtúr cuí curtha i bhfearas againn, mar sin cuirfidh na hacmhainní breise seo ar ár gcumas deiseanna níos fearr don fhoghlaim agus don oiliúint a sholáthar d’aos óg na Gaeltachta agus iad i mbun na n-ealaíon dúchasach.
“Táimid ag súil go bhfágfaidh an maoiniú méadaithe seo rian feiceálach ar chleachtas na n-ealaíon sin fud fad na Gaeltachta go ceann i bhfad.”
Chuir Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir agus amhránaí le Altan, a bhí i láthair ag an ócáid, fáilte roimh an maoiniú chomh maith.
“Mar cheoltóir lán-aimseartha agus teagascóir, fáiltím roimh an tacaíocht seo chun na healaíona dúchasacha a chaomhnú.
“Ó thosaigh m’athair féin ag teagasc ceoil go deonach i gceantar Gaeltachta Iar-Thuaisceart Dhún na nGall agus mé féin anois ag teagasc ceoil i scoileanna an cheantair agus sa Chrannóg, tuigim na deiseanna a thugann an maoiniú seo don aos óg agus go gcinntíonn sé fosta go mbeidh na healaíona dúchasacha á seachadadh ó ghlúin go glúin,” arsa Mairéad Ní Mhaonaigh.
Bainfidh Ealaín na Gaeltachta leas as an maoiniú chun ranganna sna healaíona Gaeilge a sholáthar i nGaeltacht na Gaillimhe, chun ranganna a sholáthar i gcomhar le Scoil Cheoil na Crannóige i nGaeltacht Dhún na nGall agus chun
ranganna a sholáthar i gcúig bhunscoil i nGaeltacht Dhún na nGall.
Deirtear go gcuirfear ranganna seirbhísí, agus deiseanna oiliúna ar fáil chomh maith i sé limistéar pleanála teanga eile sa Ghaeltacht. Fostófar i gConamara beirt chomhordaitheoirí, duine acu go lánaimseartha agus an duine eile go páirtaimseartha, agus fostófar comhordaitheoir lánaimseartha amháin sa Chrannóg.
Fostófar comhordaitheoir ealaíne chomh maith in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go raibh “áthas” air an maoiniú a fhógairt.
“Mar gheall ar an obair fhónta atá beartaithe ag an eagraíocht, tabharfar níos mó cúnaimh le raon leathan tacaíochtaí a chur ar fáil sa Ghaeltacht – atá dírithe den chuid is mó ar aos óg na Gaeltachta – rud a chabhróidh níos mó, ar ndóigh, le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus go deimhin an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta,” a dúirt Seán Kyne.
Sheol Aire Stáit na Gaeltachta próiseas comhairliúcháin phoiblí ag Oireachtas na Samhna maidir le straitéis nua do na healaíona Gaeilge sa Ghaeltacht.