Quiz nuachta 2022
Is féidir scéalta nuachta an lae a fháil ar PEIG.ie gach lá, agus ar ár nuachtlitreacha laethúla freisin. Tagann na scéalta ó fhoinsí éagsúla nuachta cosúil le Tuairisc, NÓS, Meon Eile, Mol Scéal, The Irish Times agus níos mó.
Seo 12 ceist ar na scéalta a roinneamar an bhliain seo, mar quiz beag nuachta don deireadh bliana. Tá na freagraí agus foinsí ag bun an leathanaigh.
Na Ceisteanna:
- Eanáir: Thosaigh Ar An Sliabh, sraith nua teilifíse faoi phobail sléibhte an mhí seo – ach ar cén cainéal?
- Feabhra: Cé mhéad Garda a earcaíodh tríd an Sruth Gaeilge ó cuireadh tús leis i 2013?
- Márta: Cén leabhair Gaeilge a bhí ar bharr an mhórliosta leabhar sa rannóg ‘Ficsean do Pháistí agus d’Ógánaigh’ de réir The Irish Times/Nielsen?
- Aibreán: Cén ollscoileanna sa tuaisceart a bheartaigh Scéim Chónaithe Gaeilge a thabhairt isteach an bhliain seo?
- Bealtaine: Cé mhéad Comhalta den Tionól Reachtúil (MLA) i Stormont a bhfuil Gaeilge líofa acu?
- Meitheamh: Cén fáth ar tharraing an frása ‘A fluent but tolerant Gaeilgeoir’ conspóid san Irish Times?
- Iúil: Cén fhoireann a thug SAM leo an mhí seo?
- Lúnasa: Cá raibh Fleadh Cheoil na hÉireann i 2022?
- Meán Fómhair: Cá raibh Róise & Frank ina gcónaí?
- Deireadh Fómhair: Cé mhéad atá sa chiste tacaíochta Gaeilge atá ar fáil do ghnólachtaí san ardchathair?
- Samhain: Cén cainéal nua a d’fhógraíodh don Ghaeilge?
- Nollaig: Cén iarbhunscoil a mheastar ‘is fearr’ sa tír ó thaobh mic léinn a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal?
Na Freagraí:
- BBC Gaeilge. 👉 Tuilleadh anseo ó The Irish News.
- 55. 👉 Tuilleadh anseo ó Tuairisc.
- Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach. 👉 Tuilleadh anseo ó NÓS.
- Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Ollscoil Uladh. 👉 Tuilleadh anseo ó Meon Eile.
- 90. 👉 Tuilleadh anseo ó Tuairisc
- Mar go bhféadfadh an téarma ‘Gaeilgeoir’ a bheith ina mhasla. 👉 Tuilleadh anseo ó Tuairisc.
- Ciarraí. 👉 Tuilleadh anseo ó Meon Eile.
- Muileann Cearr. 👉 Tuilleadh anseo ó Meon Eile.
- Leithinis na Rinne in iarthar Chontae Phort Láirge. 👉 Tuilleadh anseo ó Mol Scéal.
- €1000. 👉 Tuilleadh anseo ó RTÉ
- Cúla4. 👉 Tuilleadh anseo ó Meon Eile.
- Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin. 👉 Tuilleadh anseo ó Tuairisc